I propose to take Questions Nos. 394, 395 and 396 together.
Táthar ag tógáil an trí cheist 40432, 40433 agus 40434 le chéile.
Tá measúnú déanta ar 60% de na héilimh íocaíochtaí atá faighte ag Rannóg na gColáistí Gaeilge i mo Roinn ó na Coláistí Gaeilge i leith na cúrsaí samhradh agus tá siad seolta ar aghaidh chuig Rannóg Airgeadais de chuid na Roinne le híoc. Tá íocaíochtaí i leith roinnt mhaith de na héilimh sin déanta cheana féin agus tá an rannóg ag obair ar an 30% eile de na héilimh íocaíochtaí atá faighte faoi láthair.
Ar mhaithe le moill a sheachaint, tá breis acmhainní foirne curtha isteach i Rannóg na gColáistí Gaeilge faoi láthair chun cúnamh a thabhairt leis an próiséas seo. Táthar ag súil go mbeidh fuíolleach na n-éileamh próiseáilte go luath.
Níl figiúirí i leith líon na dteaghlach ná an tsuim airgid atá fós le híoc ar fáil don Roinn ag an tráth seo. Ba chóir dom an Teachta a chur ar an eolas go bhfuil an ráta ag a n-íoctar na teaghlaigh ag brath ar nithe éagsúla ar a n-áirítear éilimh bailí a bheith faighte go pras ó na coláistí féin.