Mar a thuigeann an Teachta, is áisíneacht de chuid an Fhoras Teanga Thuaidh Theas é Foras na Gaeilge. Is í an Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas (CATT) a cheadaíonn na buiséid do na Forais Trasteorann uile, An Foras Teanga san áireamh. Mar gheall ar chúinsí polaitiúla i dTuaisceart Éireann, áfach, níltear in ann cruinnithe CATT a eagrú faoi láthair agus dá réir níltear in ann ardú buiséid a cheadú.
Déantar Foras na Gaeilge a chómhaoiniú ar an mbonn 75% ón Roinn seo agus 25% ón Roinn Pobail, Tuaisceart Éireann. Déantar Tha Boord o Ulstèr-Scotch a chómhaoiniú ar an mbonn 25% ón Roinn seo agus 75% ón Roinn Pobail.
I mbuiséad 2021, chuir mo Roinn ardú dár luach €1,379,000 ar fáil don Fhoras Teanga Thuaidh Theas. Cuireadh an t-ardú sin i bhfeidhm ina iomláine ar bhuiséad áisíneachtaí an Fhoras Teanga in 2022.
Tá ardú dár luach €700,000 curtha ar fáil i mbuiséad mo Roinne don Fhoras Teanga Thuaidh Theas do 2022 agus arís do 2023. Ní rabhthas in ann an t-ardú sin a chur i bhfeidhm i mbuiséid na n-áisíneachtaí go dtí seo, de thairbhe nach rabhthas in ann cruinniú CATT a ghairm.
Bheifí ag súil go gcuirfí ardú i bhfeidhm a luaithe agus a bheifear in ann cruinniú CATT a ghairm agus na buiséid a fhaomhadh.