Is mian liom a dheimhniú don Teachta go bhfuil mé ag obair i gcomhar le hoifigigh mo Roinne chun feidhm a thabhairt d'fhorálacha an Achta leasaithe sa tréimhse amach romhainn. Chuige sin, tá plean oibre ullmhaithe ag oifigigh mo Roinne a thugann léargas d'fhoireann an aonaid ar na céimeanna éagsúla a bheidh le glacadh sna míonna amach romhainn chun forálacha an Achta a fheidhmiú. Is doiciméid inmhéanach don Roinn atá ann, a bheidh á leasú go leanúnach agus muid ag gluaiseacht ar aghaidh. Ní bheadh sé cuí, dá réir, é a fhoilsiú ag an tráth seo.
Is í mo phríomhthosaíocht ag an tráth seo próiseas a reáchtáil ar mhaithe le beirt comhalta a earcú a bheidh ionadaíoch ar an gCoiste Comhairleach a bhfuil foráil déanta dó san Acht ar son phobal labhartha na Gaeilge taobh istigh agus taobh amuigh den Ghaeltacht. Chuige sin, tá scríofa ag mo Roinn chuig an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí ag iarraidh orthu an próiseas sin a thosú. Tá sonraíocht poist á ullmhú ag mo chuid oifigigh le tabhairt don tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí ionas go mbeifear in ann tús a chur leis an gcomórtas gan mhoill.
Beifear ag lorg moltaí maidir leis na chomhaltaí eile a bheidh le hainmniú ag comhlachtaí poiblí don Choiste in am tráth.
Is féidir liom a dheimhniú don Teachta go bhfuil maoiniú breise faighte agam i mbliana chun acmhainí foirne breise a fhostú i mo Roinn féin ar mhaithe le dlús a chur le feidhmiú an Achta agus in Oifig an Choimisinéara Teanga chun próisis monatóireachta na hoifige sin a neartú. Tá an próiseas earcaíochta maidir leis an bhfoireann bhreise sin beagnach críochnaithe ag an tráth seo.